Is mise Sinéad Gibney
Bhíodh mé i mo Phríomh Choimisinéir ar Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas. Roimhe sin, bhunaigh agus rith mé rannóg freagrachtaí sóisialta-corparáideach Google Éire. Sheas mé sna toghcháin Eorapacha i mbliana. Tá mé tar éis mo shaol ar fad a chaitheamh ag tabhairt guth don dreám is leochaileach inár sochaí. Is mian liom leanacht ar aghaidh leis an obair sin mar do TD.
Thóg mé mo iníon mar mháthair singil, agus táim pósta anois le mo fhear iontach, Mark. Táim ag dul isteach sa bpolaitíocht mar creidim gur chóir go mbeadh baile, comhar leighis, agus tacaíocht nuair a theasaíonn sé ag gach duine, is cuma cé thú fhéin. Is mian liom mo thaithí ar fad a úsáid ar son ár bpobal i dTeach Laighin.
Is Daonlathach Sóisialta mé mar creidim in Éirinn cothrom agus ionchuimsitheach, áit nach bhfuil aon duine fágtha amach. Caithfear dul i ngleic le na dushláin atá romhainn, ón aeráid go tithíocht go sláinte go seirbhísí míchumais, agus creideann na Daonlathaigh Sóisialta gur féidir Éire níos fearr a bhaint amach.
Le meas,
Sinéad
Tá mé ag iarradh do uimhir 1
Má thoghfar, oibreoidh mé go crua ar do shon. Cinnteodh mé go n-ardófaí do chuid imní sá Dáil agus go gclaoífidh mé do na geallatanais a rinne me le linn an toghchán seo – troid ar son seirbhísí poiblí maithe, tacú leis an dreám is leochaileach, agus dul i ngleic le athrú aeráide agus an géarchéim tithíochta.
Le meas, Sinéad.
Seasaim ar son:
- Níos mó tithe shóisialta agus inacmhaine a thógaíl ar thalamh phoiblí agus cáin tithe folamh eifeachtach a thabhairt isteach.
- Infheistiú i seribhísí michumais maithe agus deireadh le táillí dochtúra
- Srianadh táillí cúram leanaí ag €250 sa mí agus córas phoiblí cúram leanaí a bhunú
- Oideachas saor in aisce – deireadh le ‘ranníocaíochtaí shaorálacha’
- gníomhú ar son na haeráide níos tapúla agus níos cothrom, chun astaíochtaí a ísliú agus todhchaí inbhuanaithe a thabhairt d’ár pobail.
Cur cuí ar an Córas Sláinte
Nuair atá tú tinn, níor chóir go mbeadh ort íoc chun an GP a fheiceál, go bhfáfaí thú ar liosta, nó ar throllaí in ospidéal. Ba chóir go mbeadh cúram sláinte ar fáil agus saor in aisce, ní ag brath ar do chumas íoc as.
Is plean í Sláintecare chun ár chóras briste a dheisiú agus Cúram Sláinte Uilíoch a thabhairt isteach, agus bhí Róisín Shortall, comhbhunaitheoir na Daonlathaigh Sóisialta, ina ceann feadhna agus é á dhréachtú.
Níl muid chun dul isteach in aon rialtas nach bhfuil sásta Sláintecare a chuir i bhfeidhm.
Imeascadh
Caithfidh muid cur in aghaidh an deighlt sa sochaí atá á chruthú ag dreám atá ag iarradh an mhilleán a chuir ar na himircigh ar fadhbanna a chruthaigh an Rialtas.
I mo chuid oibre le cearta daonna, chonaic mé an chaoi a theipeann orainn caitheamh le iarrthóirí tearmainn leis dinit agus meas mar is ceart.
I Rialtas deanfaidh na Daonlathaigh Sóisialta:
- Cinniú go mbeidh líon foirne ceart ag Foirne Imeascadh Rialtais Áitiúla agus tacaíocht ag tionscnaimh imeascadh sa bpobal.
- Infheistiú in áiseanna cultúr, spóirt, áineasa agus óige, a thugann spás don phobal meascadh lena chéile.
- Dul i ngleic le bochtaineacht agus éagothroime eacnamaíoch, ag cinntiú go bhfuil seirbhísí ar ardchaighdeán agus infrastructúr pobail ar fáil inár gceantar.
Stop a chur leis an ngéarchéim tithíochta
Cosúil le go leor tuismitheoirí inár gceantar, tá a fhios agam nach mbeidh mo iníon inann áit le conaí a fháil ar phraghas réasúnta. Caithfidh rud éigin athrú, láthaireach.
Tá na Daonlathaigh Sóisialta ag iarraidh córas tithíochta na tíre a athru go hiomlán chun tithíocht ar ardchaideán agus costas íseal a chuir ar fáil do chách.
Tá na Daonlathaigh Sóisialta ag iarraidh
- 10,000 teach ar phraghas réasúnta, agus 12,000 teach sóisialta a chuir ar fáil gach bliain
- Cosc a chuir ar bhulc-cheannach tithe ag creach-chistí agus deireadh a chuir lena chuid buntáistí cánach flaithiúla
- Na mílte tithe a chuir in úsáid arís trí cáin tithe folamh ceart – tá beagnach 5,000 teach folamh i DLR de réir an daoinaireamh is déanaí
- Cosaintí a tabhairt isteach do cíosaithe, seasmhacht tionacht agus bac a chuir díshealbhú gan locht san áireamh.
An raibh a fhios agat?
Tá go leor d’ár clubanna spóirt áitiúla nach bhfuil páirceanna, áiseanna, nó fiú baile ceart acu. Caithfidh muid infheistiú iontu, chomh maith le pairceanna, clóis sugradh agus seirbhísí óige.
Seirbhísí míchumais
Bíonn ar daoine faoi mhíchumais agus a theaghlaigh troid ar son seirbhísí gach lá. Is mór an náire é don Stáit – go mbeadh ar daoine troid leis an Stát ar son seirbhísí bunúsacha cosúil le measúnú riachtanais, theiripe, no áit scoile. Tá muid ag iarraidh an córas seo a athrú go práinneach.
I mo chuid oibre, labhair me i gconaí i bhfábhar cur chuige ar míchumas bunaithe ar chearta daonna, a adhmhalaíonn go bhfuil sé de cheart ag gach duine páirt a ghlacadh sa sochaí. Go dtí sin ní bheidh muid uilig inann oideachas, tithíocht, sláinte, agus fostaíocht a bheith againn.
An raibh a fhios agat?
Tá an easpa spásanna cúram leanaí ag cur brú agus costas ollmhór ar teaghlaigh i Ráth an Dún. Tá muid ag iarraidh córas poiblí cúram leanaí a tabhairt isteach atá saor in aisce.
Gníomhú ar son na haeráide
Caithfidh muid ullmhú don todhchaí. Níl aon am le cur amú. Anseo, i mbunchnoic sléibhte Átha Cliath, tá roinnt go na radharcanna is fearr in Éirinn againn. Ba chóir dúinn aire ceart a thabhairt don bplainéad mar sin.
Tá an chuid deiseanna le gníomhú ar son na haeráide. Cruthóidh sé fostaíocht nua, tithe teolaí, aer agus uisce glan, feirmeacha inbhuanaithe, bailte níos báúila, agus caighdeán na beatha níos fearr do chách.
Ceann do na bealaí gur féidir linn feabhsú ná iompar poiblí agus iompar gníomhach a feabhsú, cosúil le fad a chuir leis an Luas agus cur le infrastructúr rothaíochta.